ACRES Iarthar Chonnacht
Cúlra
Is é ACRES beart náisiúnta nua na haeráide agra-comhshaoil (AECM) a bheidh ar fáil do bhreis agus 30,000 feirmeoir ar fud na hÉireann ón mbliain 2023 ar aghaidh. Trí úsáid a bhaint as cur chuige a bhunaítear ar ghnáthóga, a dhéantar trí mheascán de ghníomhartha a bhunaítear ar thorthaí agus ar shaintreoracha, is éard is aidhm le ACRES ná torthaí feabhsaithe a bhaint amach sa bhithéagsúlacht, san aeráid, i gcaighdeán an aeir agus i gcaighdeán an uisce. Trí shamhailchroschineálach íocaíochta tabharfar luach saothair agus dreasacht d’fheirmeoirí chun staid chomhshaoil a bhfeirmeacha a chothú agus a fheabhsú.
Tá dhá chur chuige faoi scéim ACRES:
• cur chuige Ginearálta ACRES ina bhfuil raon beart á thairiscint d’fheirmeoirí aonair (spriocdhírithe agus ginearálta araon); agus
• cur chuige Comhoibrithe ACRES, atá ar fáil d’fheirmeoirí in ocht gceantar thíreolaíocha ardtosaíochta, a dhéanfaidh an rogha bearta a ghlacadh, chomh maith le gníomhaíochtaí saincheaptha feirme agus tírdhreacha.
Beidh cúnamh ó Fhoireann Áitiúil Tionscadail Chomhoibrithe (CP) ar fáil do na feirmeoirí a bheidh rannpháirteach sa chur chuige Comhoibrithe, agus cabhróidh an Fhoireann seo le cur i bhfeidhm na scéime ar an leibhéal áitiúil. Ceapadh Wetland Surveys Ireland i gcomhpháirtíocht le Tionscadal na nDiúilicíní Péarla chun cion feidhme na foirne áitiúla CP a chomhlíonadh in dhá cheann de na hocht gcrios CP (Iarthuaisceart Chonnacht agus Conamara-Deisceart Mhaigh Eo), ar a dtugtar le chéile ACRES Iarthar Chonnacht.
Foghlaim a thuilleadh eolais trí fhéachaint ar léiriú gréasáin ACRES
Buneolas ar ACRES Iarthar Chonnacht
Áirítear le ACRES Iarthar Chonnacht crios Thionscadal Comhoibrithe Iarthuaisceart Chonnacht agus crios Thionscadal Comhoibrithe Chonamara-Deisceart Mhaigh Eo.
Tá ACRES Iarthar Chonnacht á riaradh ag foireann áitiúil tionscadail. Is é cúram tosaigh na foirne tionscadail ná Plean Áitiúil Gníomhaíochta a fhorbairt ina leagfar amach cuspóirí áitiúla agus an chaoi a mbainfear iad seo amach le linn oibriú na scéime. Tá sé mar aidhm ag an bPlean Áitiúil Gníomhaíochta a chinntiú go ndéanfar an scéim a chur in oiriúintchun an freastal is fearr a dhéanamh ar riachtanais chomhshaoil an cheantair áitiúil, agus tréithe talmhaíochta agus comhshaoil an tírdhreacha á gcur san áireamh. Rachaidh an fhoireann i dteagmháil leis an bpobal áitiúil feirmeoireachta le linn fhorbairt an phlean. Ina dhiaidh seo, is é an príomhchion feidhme a bheidh ag foireann an tionscadail ná tacú le feirmeoirí agus lena gcomhairleoirí ó thaobh torthaí feabhsaithe comhshaoil a sholáthar ar fud an réigiúin. Tá raon leathan saineolais ar fáil ónár bhfoireann sa talmhaíocht agus san éiceolaíocht chun a chinntiú gur féidir linn sainchomhairle a chur ar fáil de réir mar is gá.
Ar chúiseanna oibriúcháin agus chun ábharthacht áitiúil a choinneáil, tá sé cheantar áitiúla leagtha amach againn laistigh de ACRES Iarthar Chonnacht:
ACRES Iarthar Chonnacht - Iorras
ACRES Iarthar Chonnacht - Sliabh Gamh agus Loch Con
ACRES Iarthar Chonnacht - Acaill agus Néifinn
ACRES Iarthar Chonnacht - Conamara Thuaidh agus An Oirimh
ACRES Iarthar Chonnacht - An Choirib agus Measca
ACRESIarthar Chonnacht- Conamara Theas
Sannfar oifigigh áitiúla tionscadail dár gcuid chun tacú le feirmeoirí agus le comhairleoirí feirme i ngach ceann de na ceantair seo. Taispeántar sa léarscáil anseo thíos fairsinge gach ceantair áitiúil laistigh de ACRES Iarthar Chonnacht.
Conas a bheith páirteach
Is cóir d'fheirmeoirí ar mian leo a bheith páirteach in ACRES teagmháil a dhéanamh lena gComhairleoir atá faofa i leith ACRES agus a fhéadfaidh iarratas a chur isteach ar a son.
Chun teacht ar a thuilleadh eolais agus chun a fháil amach conas iarratas a dhéanamh le bheith páirteach sa scéim, féach na sonraí ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara anseo.
Cad iad na dúshláin chomhshaoil a dtabharfar aghaidh orthu?
Cion na talmhaíochta d'astaíochtaí na ngás ceaptha teasa (GCT)
Acmhainneacht na n-ithreacha mar linn charbóin nó mar fhoinse astaíochta
Úsáid an fhuinnimh sna córais feirme
Astaíochtaí amóinia a bheith ag méadú
Caighdeán an uisce a bheith ag laghdú
Torthúlacht na hithreach a bheith easnamhach
An brú ón talmhaíocht ar acmhainní nádúrtha na hÉireann
An stádas neamhfhabhrach nó meathlach atá ag formhór ghnáthóga agus thírdhreacha sainithe na hÉireann
Easpa limistéar foraoise faoi chosaint
Caomhnú na bithéagsúlachta
Tírdhreacha agus gnéithe nádúrtha ar leith a chosaint
Easpa beart chun oiriúnú don athrú aeráide
Cur Chuige Comhoibrithe ACRES
Tá cur chuige Comhoibrithe ACRES ar fáil d’fheirmeoirí in ocht gcrios ardtosaíochta mar a thaispeántar thall. Bronnadh an conradh ar Wetland Surveys Ireland agus ar Thionscadal na nDiúilicíní Péarla chun dhá cheann de na criosanna seo a riaradh (Iarthuaisceart Chonnacht agus Conamara-Deisceart Mhaigh Eo). Tá bainistiú á dhéanamh ar an dá chrios seo le chéile mar ACRES Iarthar Chonnacht ag foireann áitiúil tionscadail atá á fostú ag WCCP Limited, cuideachta a bunaíodh d'aon toisc chun an tionscadal a riaradh.